![]() |
![]() |
| Home/Baile | Opinion/Bárúil | Representatives/Ionaduithe | Policies/Polasuithe | Youth/Ógra | Media Centre |
Coscann ball d'Aontas na hEorpa Shinn Féin, úsáid na Gaeilge san AEPublished: 5 February, 2008
Mar fhreagra ar ráiteas ó Jim Nicholson FPE mar gheall ar úsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa, dúirt FPE Shinn Féin, Bairbre de Brún, "Is teanga oifigiúl agus teanga oibre na hEorpa í an Ghaeilge agus fanfaidh sé mar sin mar a chéile leis an dá theanga is fichead oifigiúil eile. Caithfidh go bhfuil eolas ag an tUasal Nicholson ar an méíd seo ag tógaint a áit i bParlaimint na hEorpa san áireamh. Tá moill sealadach a ciallaíonn nach gá don reachtaíocht ar fad a bheith trí mheán na Gaeilge agus sé an moill seo amháin a cuirfear athchóiriú air laistigh den gcéad cúig bliana." "Ní féidir féachaint ar fhocail Jim Nicholson, agus an éileamh uaidh athchóiriú nach bhfuil ann in aon chor a tharraingt chun tosaigh, ach mar iarracht sceimhle poiblíocht a fháil don seasamh atá ag an páirtí aige ar úsáid na Gaeilge sa Tionól. Is féidir le níos mó ná dhá mhilliún daoine in Éirinn Gaeilge a labhairt, agus tá 160,000 den uimhir sin mar toghthóirí leis an tUasal Nicholson agus mé féin. Cén teachtaireacht atá an radharc diúltach agus aoncultúrach seo ag tabhairt do dhaoine sa dáilcheantar aigesiúd agus níos faide ná sin?"
|
Latest News |
|
Copyright 2012 South and East Belfast. Contact | |